“Ar theacht an tsamhraidh achan bhliain tig cumha ar mo chroí,” a deirtear san amhrán Rann na Feirste, amhrán a bheas ar eolas ag na mílte scoláirí a chaith seal fá Rosa Thír Chonaill ag freastal ar Choláiste Bhríde.
Músclaíonn an t-amhrán sin grá na scoláirí don teanga, don cheantar agus don choláiste a thug oideachas daofa, agus a cheiliúir céad bliain ar an fhód an deireadh seachtaine seo.
Suite i gcroílár Rann na Feirste, chuaigh suas le 100,000 scoláire trí dhoirse Choláiste Bhríde óna bunaithe, dar le taighde Bhrendáin Uí Dhufaigh, a sheol leabhar ar stair na hinstitiúide ar an tSatharn. Bunaíodh Coláiste Bhríde i dtús ama in 1912 in Óméith Mara i gContae Lú, ach ba in 1926 a bhog an coláiste go Rann na Feirste, ceantar ina raibh plúr na scéalaithe, seanchaithe agus scríbhneoirí ag cur fúthu ann.
Coláiste Bhríde
Bhí an teanga ag dul i léig in Óméith, agus roghnaíodh Rann na Feirste mar bhunáit úr, áit ar tógadh an chéad choláiste ar Ard Chnoc na bhFaoileog. Ón uair sin, tháinig na mílte scoláirí, a bhformhór as Cúige Uladh agus Contae Lú, go Ceann Dubhrán, áit ar fháiltigh mná agus fir tí an bhaile rompu achan samhradh.
Chruinnigh na céadta in Áislann Rann na Feirste ar an Aoine do cheolchoirm Ceoltaí an Chéid, áit ar cuireadh féasta ceoil de bheagnach cúig uair an chloig ar an ardán. Bhí idir iar-scoláirí, iar-mhúinteoirí agus bhunadh an bhaile féin ag cur ceoil, siamsaíochta agus cuimhní cinn os comhair an scaifte.
Ba chraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, bean a theagasc ceol sa choláiste agus ar choinnigh a máthair agus a hathair scoláirí, Michelle Nic Grianna, a bhí mar bhean an tí don imeacht.
Chuir fidléirí bríomhara tús leis an ócáid, léithéidí Dhónail O’Connor, a raibh a athair mór, Pádraig Ó hUallacháin, mar Rúnaí ar Choláiste Bhríde, na n-iar-scoláirí Bríd Harper, Sinéad agus Eugene McKenna as Tír Eoghain, Paddy Glackin as Baile Átha Cliath a tháinig ann ar dtús ar scéim scoláireachta na nGardaí, agus Dermot McLaughlin.
Joe Mhici Jimí Mac Grianna ag ceol
Rinneadh ceangal le traidisiúin scéalaíochta na háite nuair a d’aithris Brídanna Ní Bhaoill an dán cumhachtach Éire le Séamus Ó Grianna, mar a dhéanadh a gaolta Bidí Sheáin agus Micí Sheáin Néill do na scoláirí go minic san am a chuaigh thart. Tugadh ómós speisialta do theaghlach a bhí fite fuaite le scéal na coláiste, clann Uí Dhomhnaill as Rann na Feirste agus Contae na Mí, nuair a cheol Tríona, Maighread agus Conall go galánta, ag tabhairt cuimhní órga Skara Brae ar ais arís.
Bhí cáil ar an choláiste as feabhas an cheoil agus na hamhránaíochta agus léirigh clann Uí Mhurchú as Doire, Gerry Lappin as Ard Mhacha, Seán Mac Corraigh as Béal Feirste agus Tara Nic Giolla Seanáin as Muineachán cuid d’éagsúlacht cheoil na gcúrsaí leis na blianta.
Cuireadh an halla san Áislann faoi dhraíocht le guth binn Connie Mhary Mhicí Uí Ghallchóir agus bhuaiteoir Chorn Uí Riada, Gearóidín Neidí Frainc, agus chuir baill de chlanna ‘Ic Grianna agus Uí Dhomhnaill cúpla port meidhreach ar fáil fosta. Cuireadh an dlaoi mhullaigh ar an ócáid le baicle bríomhar an bhaile, Clann Mhic Ruairí, a chuir an scaifte ag damhsa go domhain san oíche.
Pius Ní Ghallachóir, Bridie Ní Ghallachóir agus Mary Ní Dhónaill © Eoin Mac Gairbheith
Thug scaifte de 150 duine a n-aghaidh ar na coirneáil cháiliúla ar an bhaile, Loch Bhríde, ‘Lover’s Lane’, Poll an tSnámha agus Tóin an Bhaile, ar chuid acu, ar shiúlóid maidin Shathairn, faoi stiúir Néill Mhic Eachmharcaigh agus Dhonnchadh Uí Bhaoill.
Bhí halla mór na hÁislainne lán arís an tráthnóna céanna do léacht Bhrendáin Uí Dhufaigh Scoláirí agus Lóisteoirí a thug cuntas beacht ar fhorbairt na coláiste ó 1926 nuair nach raibh uisce reatha, leithris ná leictreachas i Rann na Feirste, go blianta móra na 1960idí nuair a bhí corradh agus 600 scoláire ar achan chúrsa, go dtí an lá atá inniu ann.
Bhí trácht ar na tithe inar fhan na chéad fhoghlaimeoirí, na himeachtaí a cuireadh ar fáil daofa agus na cleamhnais a d’eascair as na céilithe móra. Rinne iar-scoláire eile, Feargal Ó Coigligh as Dún Dealgan, atá mar Ard-Rúnaí sa Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, leabhar Uí Dhufaigh Ar theacht an tSamhraidh a sheoladh.
Ar theacht an tSamhraidh le Brendán Ó Dufaigh
Rinneadh cur síos ar an leabhar thoirteach seo mar ‘Bhíobla na Coláiste’ agus idir ghrianghraif, chuntais phearsanta, ailt as nuachtáin agus eile ann.
Labhair an tOllamh Nollaig Mac Congáil, saineolaí ar litríocht Thír Chonaill agus fear a d’fhreastail ar Choláiste Bhríde é féin, ar thábhacht an cheantair agus Gaeilge na háite daofa siúd a thaistil ann lena foghlaim.
“Éacht agus rud atá iontach suntasach go bhfuil Coláiste Bhríde Rann na Feirste anseo céad bliain ar aghaidh, agus í ag dul go láidir,” a dúirt sé.
Tá an pobal anseo fite fuaite leis an choláiste agus cha mbeadh ann do choláiste ach go bé iad
An tOllamh Nollaig Mac Congáil
Thug Cathaoirleach na coláiste, Niall Ó Sluáin, léacht ar obair an Athar Lorcáin Uí Mhuireadhaigh, an fear a bhí lárnach i mbogadh Choláiste Bhríde ó Chontae Lú go Tír Chonaill sa chéad seo a chuaigh thart. Tugadh lár stáitse do phainéal ban tí ag imeacht in Óstán Chaisleáin Óir oíche Shathairn, áit ar insíodh na fíor-scéalta faoi shaol Choláiste Bhríde, coinneáil na scoláirí, an mhaistíneacht, an teacht isteach a thug na lóisteoirí do bhunadh na háite agus a gcuimhní cinn. Bhí an slua faoi gheasa ag Annie Mhicí Jimí Uí Dhuibheannaigh, Nóirín Sheáin Uí Dhufaigh, Síle Bhidí Mhaggie Uí Dhochartaigh, Róisín Dónaí Mhic Giolla Cheara agus Caitlín Nóra Frainc Uí Dhubhchoin agus a scéalta.
An t-údar Brendán Ó Dufaigh le, ón chlé, Seamus De Faoite, Celine Ní Dhónaill, Anne Marie Uí Dhoibhlin, Marguerita Ní Dhochartaigh © Eoin Mac Gairbheith
Fuair seanchairde deis meascadh lena chéile ag dinnéar an chéid oíche Shathairn, sular tugadh imeachtaí chun críche le hAifreann sa choláiste féin agus seisiún ceoil ar an Domhnach.
Rinneadh trácht go minic i rith imeachtaí an cheiliúrtha ar an nasc a mhothaigh agus a mhothaíonn iar-scoláirí agus pobal na coláiste le muintir na háite, a thug aire daofa, a theagasc iad, a rinne cuideachta leo agus a d’fháiltigh iad achan bhliain chun an cheantair.
“Gan muintir Rann na Feirste, gan an Ghaeilge agus an saibhreas a bhí agus atá anseo, ní bheadh ann do Choláiste Bhríde,” a dúirt Brendán Ó Dufaigh.
“Tá muid buíoch daofa, dá bhflaithiúlacht agus dá bhfáilte ina measc achan bhliain.”
Bíonn thart ar 1,500 duine óg ag freastal ar Choláiste Bhríde achan bhliain anois, agus cuid de chúrsaí na bliana seo chugainn lán cheana féin.
