Tá feachtas seolta ag gníomhaithe Gaeilge chun 100 duine a earcú a chuirfeadh a gceadúnas teilifíse ar ceal go poiblí mar agóid faoi chiorruithe atá beartaithe ar sheirbhísí Gaeilge an BBC.
Tá foirm léirithe spéise feicthe ag Seachtain ina bhfuil gníomhaithe teanga ag lorg daoine a bheadh sásta teachtaireacht a chur chuig an BBC nach nglacann siad leis na ciorruithe agus go seasann siad le foireann Ghaeilge an chraoltóra.
Faoin ghealltanas atá le síniú ag rannpháirtithe, ní fhéachfaidh siad ar ábhar an BBC ná ní bheidh siad ag éisteacht leis ar an teilifís, ar an raidió ná ar ardáin dhigiteacha go dtí go gcuirfear maoiniú agus soláthar foirne na Gaeilge ar chomhchéim leis na seirbhísí Breatnaise agus Gàidhlig.
Geallfaidh siad freisin nach ndéanfaidh siad a gceadúnais a athnuachan go dtí go bhfaighfear réiteach sásúil ar an gceist. D’fhéadfadh léirsiú poiblí a bheith mar chuid den fheachtas freisin.
Ní gá ceadúnas teilifíse a bheith ag duine mura mbíonn siad ag féachaint ar theilifís bheo ná ag sruthú cláir bheo. Mar sin féin, d’fhéadfadh fíneáil suas le £1,000 a bheith i gceist má fhéachtar ar chláir bheo gan cheadúnas nuair atá ceann riachtanach.
Bhí cosc iomlán ar an Ghaeilge sa BBC ar feadh 57 bliain ó thosaigh sé ag craoladh ó Bhéal Feirste in 1924 go dtí gur ghéill siad do bhrúghrúpa Ghaeil an Tuaiscirt in 1981 nuair a chraol siad clár 20 bomaite.
I láthair na huaire níl ach cúig uair an chloig i nGaeilge á chraoladh acu idir theilifís agus raidió.
Uachtarán Chonradh na Gaeilge Ciarán Mac Giolla Bhéin
Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, gur “léirscrios” a bhí ann do sheirbhísí Gaeilge sa Tuaisceart.
“Tá sé fíordheacair aon chiall nó réasúnaíocht a bhaint as an chinneadh thubaisteach seo,” a dúirt sé, ag rá go raibh na ciorruithe “iomlán díréireach i gcomparáid le rannóga agus aonaid eile laistigh den BBC”.
D’ainneoin na gciorruithe, mhaígh BBC Thuaisceart Éireann go mbeidh méadú ar líon na gclár Gaeilge a chuirfear ar fáil ar a ardáin raidió agus dhigiteacha, agus go mbeidh níos mó den ábhar sin á chur ar fáil ag comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha.
