Tá cumann úr ainmeolaíochta i ndiaidh teacht ar an tsaol, rud a thabharfaidh pléisiúr agus lón machnaimh dóibh siúd a bhfuil suim acu i logainmneacha, in ainmneacha sráide, i sloinnte agus in ainmneacha baiste.
Mar nathair nimhe a athraíonn a chraiceann, tá Cumann Ainmeolaíochta na hÉireann i ndiaidh eascairt as Cumann Logainmneacha Uladh, an eagraíocht a bhíodh ag plé le hainmneacha áite ó thuaidh, ach beidh an grúpa úr ag plé leis an tír ina iomláine.
Tá obair iontach déanta ag an eagraíocht ó bhunaigh an scoláire Seán Mac Airt in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste é in 1952.
Chuir sé taighde, bailiú, fíorú agus míniú ar logainmneacha ar fud Chúige Uladh chun cinn. Chomh maith leis sin, thug sé na leaganacha údarásacha Gaeilge de logainmneacha bóithre agus sráideanna, rud atá níos tábhachtaí ná riamh ó thuaidh agus feachtais ar fud na Sé Chontae do chomharthaí sráide dátheangacha.
Bíonn dhá léacht phoiblí á reáchtáil ag an chumann gach bliain, agus foilsíonn siad an iris mór le rá Ainm: A Journal of Name Studies gach re bliain.
Cad chuige, mar sin, arbh éigean Cumann Logainmneacha Uladh a athrú?
“Le tamall de bhlianta anois, tháinig titim mhór ar bhallraíocht an chumainn, go háirithe i rith agus i ndiaidh Covid,” a mhínigh an Dr Frances Kane, rúnaí an chumainn mar a bhíodh agus mar a bheidh feasta faoina ainm úr.
“Mar sin, bhí plé ann i measc an choiste ar dhóigheanna éagsúla le daoine úra a mhealladh agus obair an chumainn a leathnú amach go dtí cumann a bheadh ag feidhmiú ar bhonn uile-Éireann.
“Sin ráite, bhí daoine as codanna eile den tír i gcónaí páirteach i gCumann Logainmneacha Uladh ach shíl muid fosta gur féidir go raibh leasc ar dhaoine bheith páirteach cionn is go raibh an t-ainm ‘Uladh’ ann agus go mbeadh cur chuige cúng i gceist.
“Rud eile chinn muid anuraidh, ná gurbh fhearr dúinn cur leis an obair a bhí idir lámha againn ar ghnéithe seachas logainmneacha.
“Mar shampla, beirt bhall shinsearacha dár gcuid, Kay Muhr agus Liam Ó hAisibéil, chuir siad The Oxford Dictionary of Family Names of Ireland le chéile, mar sin tá cuid mhór saineolais á aistriú chuig Cumann Ainmeolaíochta na hÉireann agus mheas muid gur chóir ardán a thabhairt don obair sin.
“Anuas air sin, bhí comhoibriú idir muid féin agus an Tionscadal Logainmneacha agus an roinn ó dheas maidir le hainmneacha sráide mar sin ní ceart a rá go bhfuil Cumann Logainmneacha Uladh marbh, tá sé beo leis ach faoi ainm úr agus é ag cur leis an réimse taighde a dhéanann sé le go mbeidh fáil ag gach duine in Éirinn air,” arsa Frances.
Cé go gcuirfidh Cumann Ainmeolaíochta na hÉireann beocht i gcúrsaí ainmníochta – ba mhaith leo níos mó daoine óga a mhealladh cuir i gcás – tá Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann go fóill i mbaol.
Tá an tionscadal lonnaithe in Ollscoil na Banríona ó 1987 i leith ach tá cúrsaí maoinithe go mór i mbaol.
