Tá na deirfiúracha Sinéad Ní Scolaí agus Serena Scully ar bís agus a gcéad leabhar pictiúr Gaeilge dar teideal ‘Fite Fuaite san Fharraige’ á fhoilsiú.
Is as Baile Átha Cliath do na deirfiúracha, a bhfuil a gcéad chomhoibriú cruthaitheach le chéile le seoladh ag Oireachtas na Samhna an tseachtain seo chugainn.
In Fite Fuaite san Fharraige, buaileann muid le Ophelia, ochtapas cúthail nach mbíonn de mhisneach aici freastal ar Bhál na Mara. Agus an ócáid bhliantúil ag druidim léi arís, an mbeidh sí in ann a heagla a shárú agus cara nua a aimsiú?
Is í Sinéad a scríobh an scéal agus Serena a rinne na léaráidí. Tá cúlra ag Sinéad san oideachas agus sa Ghaeilge, agus tá spéis aici sa scríbhneoireacht chruthaitheach le fada. Tar éis bunchéim sa bhunoideachas agus máistreacht sa Ghaeilge a bhaint amach, chuaigh sí i mbun oibre mar Oifigeach Oideachais Bunscoile le COGG, ag forbairt acmhainní do scoileanna meán-Bhéarla.
“Chreid mé i gcónaí gur uirlis chumhachtach iad leabhair pictiúr sa seomra ranga. Is féidir go leor rudaí a phlé ar leibhéal éagsúil leis na páistí,” a dúirt Sinéad le Seachtain.
Thosaigh an tionscadal ag teacht le chéile dhá bhliain ó shin nuair a fuair Sinéad an tairiscint ón bhfoilsitheoir Comhar, ag moladh di leabhar a chruthú. Bhí Serena, dearthóir agus múinteoir ealaíne atá lonnaithe sa tSualainn, ar an rogha nádúrtha chun na léaráidí a dhéanamh.
Cé go bhfuil buanna éagsúla ag Sinéad agus Serena, bhí suim ag an mbeirt acu i gcúrsaí cruthaitheachta ó bhí siad óg. Rinne siad damhsa le chéile agus iad ag fás aníos, agus spreag a dtuismitheoirí iad chun tabhairt faoi rudaí cruthaitheacha.
Ba bhrionglóid fhadtéarmach dóibh leabhar pictiúr a chruthú le chéile, ach níor shíl siad go dtiocfadh an lá choíche.
“D’amharc muid ar an Late Late Toy Show gach uile bhliain. Bhíodh na milseáin ceannaithe agus gach duine inár suí ar an talamh,” a dúirt Sinéad. “Bhí sé i gcónaí mar aisling againn go scríobhfaimis leabhar pictiúr le chéile agus go mbeadh sé ar an Late Late Toy Show!”
Tá Fite Fuaite san Fharraige scríofa ag Sinéad agus maisithe ag Serena
Nuair a thosaigh siad ar an tionscadal, bhí Serena ar ais sa bhaile don Nollaig agus shuigh an bheirt síos chun smaointe a phlé. As sin a tháinig Ophelia, an t-ochtapas cúthail, agus scéal a thug deis dóibh a gcuid scileanna éagsúla a thabhairt le chéile.
Tá an-spéis ag Serena i gcúrsaí timpeallachta, agus theastaigh uaithi go mbeadh teachtaireachtaí faoin bhfarraige fite fuaite sa scéal. Cé nach luaitear truailliú na farraige go sonrach sa téacs, tá na teachtaireachtaí le feiceáil sna léaráidí, agus is féidir le tuismitheoirí agus múinteoirí iad a phlé le páistí más mian leo.
“Sin an rud ba luachmhaire faoi leabhar pictiúr,” a dúirt Sinéad. “Is féidir leat go leor téamaí, b’fhéidir teachtaireachtaí rúnda, a chur isteach sa scéal agus ní gá glacadh leo ná dul i ngleic leo mura bhfuil tú ag iarraidh.”
Dar le Sinéad, bhí sé tábhachtach teanga shoiléir a úsáid a bheadh furasta do pháistí. Bhí dúshlán ar leith ag baint leis an rím agus leis an rithim chomh maith.
“Caithfidh tú na teachtaireachtaí a chur in iúl ar bhealach éifeachtach leis an méid is lú agus an méid is bunúsaí focal,” a dúirt sí. Uaireanta b’éigean di abairtí iomlána a athscríobh chun an rím a choinneáil slán. Tá súil aici go mbeidh an leabhar ina acmhainn úsáideach do mhúinteoirí, agus deis acu ábhair éagsúla a phlé sa seomra ranga, ón gcairdeas go dtí an timpeallacht.
Na deirfiúracha Serena, ar chlé, agus Sinéad
Bhí ar Serena spás a fhágáil do na focail agus don rithim agus na léaráidí á gcruthú aici.
“Caithfidh tú spás a fhágáil i gcónaí – spás chun go mbeidh an scéal in ann análú, spás don luas agus don rím, agus spás fisiciúil don méid téacs,” a mhínigh sí.
Cé go bhfuil Serena lonnaithe sa tSualainn, mhínigh sí go raibh an comhoibriú nádúrtha mar gheall ar an gcaidreamh atá aici lena deirfiúr.
“Táim féin agus Sinéad an-ghar dá chéile agus tá tuiscint iontach againn ar a chéile,” a dúirt sí. “Ba dheis í seo dom chun Sinéad a fheiceáil ina dúchas, rud a bhí an-speisialta dom.”
Mar mhúinteoir ealaíne, feiceann Serena leabhair pictiúr mar an chéad ghailearaí ealaíne a bhíonn ag páistí, agus na léaráidí ag oscailt saol nua os a gcomhair.
Níor tógadh an bheirt le Gaeilge sa bhaile, agus tá meas ag Serena ar an tiomantas atá léirithe ag Sinéad don teanga in imeacht na mblianta. Thug an obair ar an leabhar deis di féin an Ghaeilge a bhí aici cheana féin a athaimsiú, agus í ag obair lena deirfiúr agus lena bhfoilsitheoir.
Creideann Sinéad go léiríonn an leabhar an tábhacht a bhaineann le bheith ag brath ar dhaoine eile agus le glacadh le cabhair nuair atá dúshlán romhainn.
“Teachtaireacht thábhachtach atá sa scéal ná go mbíonn orainn brath ar a chéile agus gur féidir linn cabhair a fháil ó chairde,” a dúirt sí, ag gabháil buíochais leo siúd a thug comhairle di le linn an phróisis.
Seolfar Fite Fuaite san Fharraige in éineacht le Hata Oisín le hÁine Ní Ghlinn agus Bilal agus Cócó le hÁine Ní Fhoghlú ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne, Dé hAoine, 30 Deireadh Fómhair ag 11rn.
