Bhain an slua a bhí i láthair i dTeach Pobail Chríost Rí sult as miosúr as an atmaisféar iontach a chruthaigh scoth na n-amhránaithe Gaeilge agus Ceolfhoireann Choirme RTÉ á dtionlacan sa choirm a rinne ceiliúradh ar na hamhráin Ghaeilge is mó a bhfuil gean ag daoine orthu.
An Satharn seo romhainn, craolfar an choirm ar 9.35pm ar RTÉ 1 agus i measc na nguthanna a bheidh le cluinstin, tá Altan, Iarla Ó Lionáird, Zoë Conway agus John McIntyre, Séamus agus Caoimhe, Piaras Ó Lorcáin, John Beag Ó Flatharta, Máire agus Étáin Ní Churraoin agus Méabh Ní Bheagaloich.
Bhí an choirm mar chuid den fheachtas An t-Amhrán is Ansa Linn a reáchtáil Raidió na Gaeltachta ar chlár Dhónaill Mhic Ruairí, Cóisir Cheoil.
Chuir lucht éisteachta an chláir na hamhráin is mó a thaitníonn leo isteach agus rinne painéal saineolaithe measúnú ar na moltaí sular ainmníodh na 10 gcinn is fearr acu.
Ní hamháin go raibh an teach pobail plódaithe ach bhí slua eile ag breathnú ar shruthú beo ar líne agus ag éisteacht ar Raidió na Gaeltachta, pobal na Gaeilge ar fud na cruinne ag teacht le chéile faoi scáth an cheoil.
Bhí fonn damhsa ar an lucht éisteachta ag éisteacht le réalta Chonamara John Beag ag canadh Pócaí Folamh is Cloigeann Tinn agus an Cheolfhoireann á thionlacan.
Ar bhuaicphointe eile na coirme, sheinn an Cheolfhoireann leagan álainn a bhainfeadh deoir as cloch de Choinleach Glas an Fhómhair in ómós do Mháire Ní Bhraonáin, píosa ceoil a léirigh scileanna Karen Ní Bhroin, stiúrthóir na ceolfhoirne, agus a éagsúil a bhí na hamhráin.
“Bhí muid ag cleachtadh i RTÉ ar an Luan – agus bhí John Beag Ó Flatharta an-neirbhíseach ach chas mé timpeall le feiceáil conas mar a bhí sé agus dúirt sé, ‘a Karen, bhí sé sin draíochtúil’ agus bhí deora lena shúile.”
Agus bhí na deora ag titim fosta le linn Coinleach Glas an Fhómhaír agus baill teaghlaigh Mháire Ní Bhraonáin sa lucht éisteachta, Tim Jarvis, a fear céile, ina measc.
Stiúrthóir na ceolfhoirne Karen Ní Bhroin
Má bhí sé tochtmhar ag amharc ar sheaníomhánna agus ar shean-fhíseáin de Mháire ar an ríomhaire, caithfidh go raibh sé míle uair níos treise i dTeach Pobail Chríost Rí agus seinm mhothúchánach na Ceol-fhoirne ag tabhairt amhránaí Clannad chun cuimhne.
Tógadh Karen Ní Bhroin i gCill Mhantáin agus an ceol traidisiúnta agus an ceol clasaiceach araon thart uirthi.
“Tháinig an ceol traidisiúnta ar dtús ach nuair a chuaigh mé chun na meánscoile, phioc mé an clairinéad agus an pianó agus thosaigh mé leis an cheol chlasaiceach,” ar sí.
Sheinn sí ceol traidisiúnta ag fleánna ceoil agus ceol clasaiceach le ceolfhoireann i mBun Clóidí i gContae Loch Garman agus roimh i bhfad d’aithin sí go mbeadh sí iontach éifeachtach mar stiúrthóir.
“An rud is tábhachtaí faoi stiúradh ceoil ná ceannaireacht. Bhí mé féin ag múineadh ceoil ó bhí mé 16 le m’aintín sular thosaigh mé ag múineadh i dteach mo thuistí agus lean mé ar aghaidh go dtí Coláiste na Tríonóide chun oideachas ceoil a dhéanamh,” arsa Karen.
Le linn di a bheith i gColáiste na Tríonóide, rinne sí a céad cheolchoirm mar stiúrthóir ar Cheolfhoireann na Tríonóide agus uaidh sin, lean sí ar aghaidh go dtí go ndeachaigh sí chun na Stát Aontaithe, go Ohio, ar scoláireacht Fulbright, áit ar bhain sí a máistreacht amach.
Fuair Karen post ansin in North Carolina mar leas-stiúrthóir leis an Winston-Salem Symphony Orchestra ach níorbh fhada gur tháinig cumha uirthi agus d’fhill sí ar Éirinn. Chronaigh sí an ceol Gaelach, chronaigh sí a teaghlach, chronaigh sí an ceol traidisiúnta, mar sin de tháinig sí ar ais chun an bhaile in 2022 ach níl aithreachas ar bith uirthi.
Agus í ag stiúradh cineálacha éagsúla ceoil – bhí sí ag stiúradh le linn Proms an BBC dhá uair – an raibh deacrachtaí ar bith eile ceol ceolfhoirne a chur le hamhráin Ghaeilge?
“Ní raibh, mar braithim go bhfuil an ceol sin istigh i mo chorp ó bhí mé bhí mé óg,” ar sí.
“Mar stiúrthóir, an rud atá deacair ná caithfidh tú a bheith ag smaoineamh faoi conas atá na ceoltóirí sa cheolfhoireann chun é a thuiscint mar tá teorainneacha sa cheol clasaiceach nach bhfuil sa cheol agus san amhránaíocht thraidisiúnta agus caitheann tú na stíleanna sin a thabhairt le chéile oiread agus is féidir,” arsa Karen.
Agus tá sín déanta go healaíonta ag gach duine a bhí páirteach in An tAmhrán is Ansa Linn, ó fhear an tí, Dónall Mac Ruairí, go dtí na hamhránaithe uilig, baill na Ceolfhoirne agus Karen í féin.
Beidh An tAmhrán is Ansa Linn le feiceáil ar RTÉ 1 ar 9.35pm oíche Shathairn.
