Beidh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2026 á bhronnadh ar an iriseoir agus craoltóir Cathal Mac Coille, a tugadh le fios an tseachtain seo.
Chaith Mac Coille tréimhsí le RTÉ ar raidió agus teilifís agus ba é an chéad chomhfhreagraí polaitíochta a bhí ag Teilifís na Gaeilge, (TG4 anois), nuair a bunaíodh an stáisiún in 1996.
Bronntar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar dhuine, eagraíocht nó tionscadal atá ag saothrú go héachtach in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge.
Dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais: “Is gradam é seo atá rí-thuillte ag Cathal, agus tréaslaím lena shaothar eisceachtúil san iriseoireacht agus sa chraoltóireacht thar na blianta.”
Dúirt Cathal féin: “Gabhaim buíochas ó chroí leis an Oireachtas as an ngradam an-speisialta seo.”
Baile Átha Cliathach é Mac Coille a fuair a chuid oideachais i gColáiste Mhuire, ceann de na meánscoileanna Gaeilge is sine sa chathair, agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath áit ar bhain sé céim BA amach.
Déanfar Gradaim Chumarsáide an Oireachtais a shruthú beo ó Chill Airne ar www.antoireachtas.ie agus www.tg4.ie ag 8in.
